Is éard atá i gceist leis an siompóisiam seo ná comhdháil eolaíochta atá faoi stiúir mic léinn PhD chun deis a thabhairt do thaighdeoirí Éireannacha plé a dhéanamh ar an ngéanómaíocht agus ábhair ghaolmhara. Mic léinn ar fad atá ar an gcoiste eagrúcháin (féach anseo) as cohórt 3 de Lárionad Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) d’Oiliúint Taighde san Eolaíocht Sonraí Géanómaíochta (CRT GDS). Tá naonúr mac léinn PhD ar an gcoiste as ceithre ollscoil éagsúla: Ollscoil na Gaillimhe; an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; agus Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn. Beidh an siompóisiam ar siúl ón 1 - 2 Nollaig san Aula Maxima ar champas Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair ó thosaigh mic léinn an CRT GDS á eagrú. Bhí an chomhdháil ar siúl go fíorúil le dhá bhliain anuas mar gheall ar an bpaindéim.
Beidh ‘Seisiún Gaeilge’ againn i mbliana ionas go mbeidh deis ag taighdeoirí na hÉireann agus níos faide ó bhaile plé a dhéanamh ar an ngéanómaíocht agus ábhair ghaolmhara trí mheán na Gaeilge. Beidh an seisiún seo ar siúl sa tráthnóna ar an gcéad lá den siompóisiam (1 Nollaig). Táimid ag iarraidh go mbeidh na cainteanna sách ginearálta ionas go bhféadfadh lucht féachana nach saineolaithe iad, chomh maith le taighdeoirí bitheolaíocha tairbhe a bhaint as an siompóisiam.
Is é an aidhm atá ag an togra seo ná go gcuirfeadh sé leis an tuiscint atá ag Gaeilgeoirí ar an ngéanómaíocht agus go dtabharfadh sé deis don phobal labhairt le saineolaithe géanómaíochta agus ceisteanna a chur orthu. Tabharfaidh ár dtogra deis uathúil do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh sa chomhrá maidir leis an ról a bheidh ag an ngéanómaíocht in Éirinn sa todhchaí. Is topaic thábhachtach í an ghéanómaíocht i gcomhthéacs na cógaisíochta; beidh an leigheas géanómaíoch ag teacht chun cinn sna blianta atá amach romhainn agus tá sé tábhachtach go mbeidh an pobal ar an eolas faoin scéal is déanaí sa réimse seo. Freisin, beidh deis ag taighdeoirí labhairt as Gaeilge faoina gcuid taighde.
Má tá baint agat leis an ngéanómaíocht nó leis an ríomh-bhitheolaíocht, agus má tá spéis agat cur i láthair a dhéanamh ar d’ábhar taighde/spéise, is féidir leat achoimre a chur isteach don seisiún seo ag baint úsáid as an Google Form atá le fáil laistigh den chur síos don ticéad ‘Discounted Submission (with Abstract)’ ar eventbrite:
https://www.eventbrite.ie/e/irish-computational-biology-and-genomics-symposium-2022-tickets-399436444157
Má roghnaítear mar chainteoir thú, beidh muid in ann tacú le costais taistil. Mar sin, bí cinnte achoimre a sheoladh isteach chugainn chomh luath agus is féidir.
Má tá suim agat freastal ar an seisiún seo, beidh tuilleadh eolais maidir le ticéid le fáil go luath; coinnígí súil ar ár gcuntas Twitter (@ICBG2022) don nuacht is déanaí. Cuirigí ríomhphost chugainn ag icbg@universityofgalway.ie má tá aon cheist/aon mholadh agaibh faoin togra seo.